Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Obair agus cónaí i Lucsamburg

Lucsamburg suite san áit a dtagann an Fhrainc, an Bheilg agus an Ghearmáin le chéile agus tá clú ar an gcathair as an saol ilchultúrtha, as an gcáilíocht saoil agus as an gcaighdeán maireachtála an-ard atá le fáil ann.

Ní hionadh ar bith é go bhfuil sé ar na tíortha is sona ar domhan.

Tá Lucsamburg ina eiseamláir mhionscála den scoth d’éagsúlacht na hEorpa: is tír rathúil í ina bhfuil cónaí ar 645,000 duine a bhfuil breis agus 170 náisiúntacht éagsúil ina measc, agus ina labhraítear thart ar 80 teanga éagsúil.

Tá foirgnimh chomhaimseartha, caisleáin agus dúlra den scoth le fáil sa tír agus sa phríomhchathair, Cathair Lucsamburg, rud a fhágann gur sampla uathúil iad den traidisiún agus den nua-aimsearthacht taobh le chéile. Tá an t-iomlán i ngiorracht siúlóide nó turais ghearr sa charr ó chéile.

Séanadh: tabhair do d’aire nach féidir aon fhreagracht a chur ar EPSO as naisc eintiteas seachtrach atá á gcur ar fáil ar an leathanach gréasáin seo.

Le blianta beaga anuas tá institiúidí an Aontais Eorpaigh agus go leor cuideachtaí idirnáisiúnta tar éis a gceanncheathrú a lonnú i Lucsamburg. 

Is ag Lucsamburg atá an dara OTI is airde ar domhan in aghaidh an duine i láthair na huaire agus is é an lárionad baincéireachta príobháidí is mó sa limistéar euro é, rud a fhágann go mealltar níos mó gairmithe oilte chuig an tír i rith an ama. Tá margadh fostaíochta na tíre ag méadú agus, dá bhrí sin, tá sé an-tarraingteach do chéilí státseirbhísigh an Aontais Eorpaigh atá ag cuardach deiseanna oibre.

Is é fás agus forbairt eacnamaíoch Lucsamburg is cúis leis an méadú atá tagtha ar an daonra ann le déanaí agus tá sochaí oscailte tagtha chun cinn dá réir, sochaí ina gcuirtear fáilte roimh chách. Meascann cultúir agus teangacha le chéile gan stró ann agus is féidir le teaghlaigh agus le daoine aonair araon cairde a dhéanamh go héasca.

Is náisiún ilteangach é arb iad an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Lucsambuirgis na ceithre theanga is mó a labhraítear. Ach is easaoránaigh iad beagnach leath an daonra, mar sin labhraítear Portaingéilis, Iodáilis, Spáinnis, Polainnis, Sualainnis, Fionlainnis, Rómáinis agus teangacha eile nach iad ó lá go lá chomh maith.

Chomh maith leis an ngeilleagar rafar, tá réimse leathan sochar ar fáil do chónaitheoirí Lucsamburg, cuir i gcás:

Tagann an chathair agus an dúlra le chéile go réidh i Lucsamburg, agus síneann an tírdhreach ón spás uirbeach agus foirgnimh stairiúla go lochanna, cnoic agus coillte.

ábhar spraoi i dtírdhreach suaimhneach ilghnéitheach na tíre do dhaoine aonair agus do theaghlaigh araon agus is bealach foirfe é chun sos a thógáil ó bhrú an tsaoil laethúil.

Bíodh sé de shiúl na gcos, ar dhá roth nó ar cheithre cinn, bíonn flúirse nithe iontacha le feiceáil agus tú ag cur eolas ar Lucsamburg: ó lár ársa Chathair Lucsamburg, atá ina Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO, go caisleáin atá suite ar mhullaí cnoic, ardchláir ghlasa, gleannta, aibhneacha agus an chéad tearmann dúlra trasteorann san Eoraip.

Meas ar an gcomhshaol, tá sin an-tábhachtach i Lucsamburg agus tá sé éasca an meas sin a léiriú le linn duit a bheith ag baint sult as an dúlra anseo. Tá líonra mór conairí siúlóireachta ann, sin agus 600 ciliméadar de raonta rothar, rud a fhágann gur féidir taisteal trasna na tíre ar bhealach sábháilte éiceabhách.

Tá rogha iontach ann freisin dóibh siúd a bhfuil dúil acu i ngníomhaíochtaí uisce, an chanúáil, cuir i gcás, agus an chadhcáil, an sciáil uisce, an snámh, an tseaschéaslóireacht, an iascaireacht agus rudaí eile nach iad.

Tá Lucsamburg ar cheann de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh agus is ann a lonnaíodh na hinstitiúidí Eorpacha den chéad uair. Dá bhrí sin tá líon mór institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais suite i Lucsamburg, rud a fhágann go bhfuil deiseanna soghluaisteachta tarraingteacha ann idir na hinstitiúidí:

Pictiúr den bhróisiúr

 

Tá bróisiúr curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach ar líne ina gcuirtear i láthair go leor gnéithe den saol agus den obair i Lucsamburg: Soon in Luxembourg (europa.eu)

Cé go bhfuil an bróisiúr seo dírithe ar bhaill foirne atá earcaithe ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin le bheith ag obair i Lucsamburg, d’fhéadfadh sé a bheith ina ábhar spéise freisin dóibh siúd a bhfuil sé beartaithe acu tabhairt faoi ghairm leis an Aontas i Lucsamburg.

 

íomhá - lógó den chiorcal cultúrtha

 

Cuireann Ciorcal Cultúrtha na nInstitiúidí Eorpacha i Lucsamburg (ina bhfuil an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus institiúidí eile nach iad) réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha agus fóillíochta ar fáil. Tá tuilleadh eolais faoina dtairiscint ar fáil ar a suíomh gréasáin.

 

You can visit our "Job vacancies" page to find the jobs in Luxembourg which are currently open for application.

 

Foghlaim níos mó faoin líonra ilteangach de Scoileanna Eorpacha i Lucsamburg, áit a dtéann go leor páistí de chuid bhaill foirne an Aontais ar scoil.